An Briogáid Dóiteáin

Tháinig an briogáid dóiteáin go dtí an scoil inniu. Bhí seans againn suí isteach sa leoraí, breathnú ar na rudaí atá istigh ann agus labhairt leis na fir. Chonaic muid tua, cloigead agus masc i gcóir análú. Bhí cead againn uisce a scaoileadh amach as an bpíobán uisce fiú. Bhí an chlós agus cúpla páiste fluich báite inár ndiaidh. Bhí an-chraic againn. Go raibh maith agaibh, fir dóiteáin.

Corp Oideachas

Faoi láthair tá muid ag déanamh damhsa ar an gCéadaoin le Doireann agus yoga le Daithí ar an Aoine. Is breá linn e.