Ar an 5ú Márta 2009 ghlac Rang 1 Máire agus Rang 1 Susan páirt i gCoirm. Bhí gach páiste ar an stáitse i Halla na Cathrach. Bhí muid ag damhsa, ag canadh agus ag seinm. 'Superstars' atá ionainn anois! Bhain muid dhá ghradam amach.
Le linn Seachtain na Gaeilge tháinig Tadhg Mac Donnagáin go dtí ár scoil. Rinne sé seó beag dúinn sa halla agus chan sé 'Ní maith liom an scoil'. Rinne muid Tráth na gCeist freisin sa rang. Bhí an-craic againn!