Iománaíocht

Tá Rang Susan ag déanamh iománaíocht faoi láthair le Gerry ar an Mháirt. Tá sé iontach, tá muid ag baint an-sult as agus tá muid ag foghlaim go leor.

Máirt Inide

Cheannaigh Múinteoir Susan plúr, uibheacha agus bainne. I ngrúpaí rinne muid fuidreamh agus doirt an múinteoir isteach sa friochtán é. Bhí pancóga an-bhlasta againn le siúcra, líomóid agus síoróip. Neaim!

Otharcharr

Tháinig an otharcharr go dtí ár scoil inniu agus bhí seans againn dul isteach ann agus gach rud a fheiceáil. Bhí mainicín ar an sínteán agus chuir muid masc ocsaigin air. Bhí an-chraic againn!

Bliain Ur sa tSín

Inniu bhí muid ag foghlaim faoin tSín. Tá bliain an tíogar ag tosnú ansin Dé Domhnaigh. Rugadh an cuid is mó do na páistí anseo le linn bliain an capaill. Rinne muid lampa deas cosúil leis an ceann a bhíonn ag na gasúir ansin agus croch muid iad sa seomra ranga.

Crois Naomh Bríde

Lá Fhéile Bríde atá ann inniu. Thaispeáin múinteoir Susan trí cros Bhríde difriúl dúinn. Rinneamar an ceann le fíodóireacht ann. Tháinig siad amach go hálainn!

An Briogáid Dóiteáin

Tháinig an briogáid dóiteáin go dtí an scoil inniu. Bhí seans againn suí isteach sa leoraí, breathnú ar na rudaí atá istigh ann agus labhairt leis na fir. Chonaic muid tua, cloigead agus masc i gcóir análú. Bhí cead againn uisce a scaoileadh amach as an bpíobán uisce fiú. Bhí an chlós agus cúpla páiste fluich báite inár ndiaidh. Bhí an-chraic againn. Go raibh maith agaibh, fir dóiteáin.

Corp Oideachas

Faoi láthair tá muid ag déanamh damhsa ar an gCéadaoin le Doireann agus yoga le Daithí ar an Aoine. Is breá linn e.