Seachtain Mata agus Eolaíochta '09

Le linn an seachtain seo tháinig Rang 4 isteach chugainn chun cluichí mata a imirt linn. Thaitin sé thar cinn linn. Thug muid cuireadh dóibh teacht ar ais agus cluichí mata a imirt linn arís. Cur Rang 5 & 6 Lá Oscailte Eolaíchta ar fáil dúinn. Chuaigh muid timpeall ag breathnú ar cuid de na turgnaimh a bhí déanta acu. Thaitin na turgnaimh linn! Féach ar ár gcuid pictiúirí.

Oíche Shamhna '09

Ghléas muid suas ar an lá deireanach don téarma. D'fhoghlaim muid faoi cluichí Oíche Shamhna in san am atá thart agus thug Múinteoir Susan seans dúinn Snap Ull a imirt. Is maith linn cluichí Oíche Shamhna.

Seachtain Cairdeas '09

Labhair muid faoin ár gcairde le linn na seachtaine seo. D'fhoghlaim muid cé chomh tábhachtach agus atá ár gcairde. Chaith muid éadaí goirme mar shiombail do shíochán agus chan muid Le Chéile Arís mar chuid don tionóil. Tá muid sásta a bheith ar ais ar scoil i dteannta ár gcairde.

Coill Bhearna '09

Shiúil muid síos go dtí Coill Bhearna inniu. Chonaic muid nead agus go leor duilleoga deasa. Bhí siad glas, dearg, oráiste agus donn. An bhfuil fhios agat cén séasúir atá ann? Bhailíomar cnónna agus tothaí. Bhreathnaigh muid ar duilleoga an crann cnó capaill, an dair agus an seiceamar nuair a chuaigh muid ar ais go dtí an rang. Bhí an-chraic againn!

Lá Eorpach na dTeangacha 2009

Ghlac an dhá Rang 1 páirt i Lá Eorpach na dTeangacha i mbliana. D'fhoghlaim Rang 1 Susan faoin Ghearmáin agus d'fhoghlaim Rang 1 Deirdre/Siobhán faoin Fhrainc. Rinne muid taispeántas don tionóil i dteangacha na tíortha sin. Chan muid amhráin agus dúirt muid dánta. Ghléas muid suas i dathanna brat na Ghearmáine agus in éadaí daoine an Fhrainc. Bhreathnaigh muid go hálainn!

Rang 1 Susan 2009/2010

Seo iad páistí Rang 1 Susan. Tá 30 páiste sa rang i mbliana, 15 cailíní agus 15 buachaillí. Tá muid sásta inár seomra ranga nua agus tá muid ag tnúth le rudaí nua a fhoghlaim.